Privacy Policy Polasaí Príobháideachais

Last updated: July 2026 Nuashonraithe: Iúil 2026

Tuathan is an independent art and Irish language business based in Belfast. This page explains, in plain terms, what information is collected through this website and how it's used.

What's collected

  • Contact form: your name, email address and message — so I can reply to you.
  • Mailing list: your name and email address — so I can send you updates about events, workshops and projects. Only if you sign up.
  • Event booking and voucher forms: your name, email address, and guest name if you provide one — so I can reserve your place.
  • Buying an original artwork: your name, email address and postal address — so I can post your artwork to you and send your receipt.

Form submissions are processed and stored securely by Netlify, which hosts this website.

Payments

Tickets and products are paid for through external providers — Tito, SumUp and Etsy. Payment details go directly to them and are never seen or stored by Tuathan. Each provider has its own privacy policy.

When you buy an original artwork on this site, the card form is provided by SumUp and your card details go straight to them — they never pass through this website. Your receipt is sent by email through an email delivery service.

What's not collected

This site doesn't use advertising or tracking cookies, and doesn't run third-party analytics. One setting is saved in your browser to remember your language choice (English or Gaeilge) — that's it, and it never leaves your device.

How your information is used

Only to reply to your enquiry, manage your booking, or — if you've signed up — to send occasional event updates. Your details are never sold or shared for marketing. You can unsubscribe from the mailing list at any time by replying to any email or getting in touch.

How long it's kept

Enquiries and booking details are kept only as long as needed to deal with them. Mailing list details are kept until you unsubscribe. Order details (name, address and what you bought) are kept for as long as needed for my business and tax records.

Your rights

Under UK data protection law you can ask to see, correct or delete the information held about you at any time. To do that, or to ask anything about this policy, send me a message through the contact form. You also have the right to complain to the Information Commissioner's Office (ICO).

Is gnó neamhspleách ealaíne agus Gaeilge é Tuathan, lonnaithe i mBéal Feirste. Míníonn an leathanach seo, i bhfocail shimplí, cén t-eolas a bhailítear tríd an suíomh seo agus cad chuige a n-úsáidtear é.

Cad é a bhailítear

  • Foirm teagmhála: d'ainm, do sheoladh ríomhphoist agus do theachtaireacht — le go dtig liom freagra a thabhairt ort.
  • Liosta ríomhphoist: d'ainm agus do sheoladh ríomhphoist — le scéala a chur chugat faoi imeachtaí, ceardlanna agus tionscadail. Ach amháin má chláraíonn tú.
  • Foirmeacha áirithinte agus dearbhán: d'ainm, do sheoladh ríomhphoist, agus ainm d'aoi má thugann tú é — le d'áit a chur in áirithe.
  • Bunsaothar ealaíne a cheannach: d'ainm, do sheoladh ríomhphoist agus do sheoladh poist — le go dtig liom an saothar a chur sa phost chugat agus d'admháil a sheoladh chugat.

Is é Netlify, a óstálann an suíomh seo, a phróiseálann agus a stórálann na foirmeacha go slán.

Íocaíochtaí

Íoctar as ticéid agus táirgí trí sholáthraithe seachtracha — Tito, SumUp agus Etsy. Téann sonraí íocaíochta díreach chucusan agus ní fheiceann agus ní stórálann Tuathan iad riamh. Tá a pholasaí príobháideachais féin ag gach soláthraí acu.

Nuair a cheannaíonn tú bunsaothar ealaíne ar an suíomh seo, is é SumUp a sholáthraíonn foirm an chárta agus téann sonraí do chárta díreach chucusan — ní théann siad tríd an suíomh seo riamh. Seoltar d'admháil chugat trí sheirbhís seachadta ríomhphoist.

Cad é nach mbailítear

Ní úsáideann an suíomh seo fianáin fógraíochta ná rianaithe, agus ní ritheann sé anailísíocht tríú páirtí. Sábháiltear socrú amháin i do bhrabhsálaí le do rogha teanga (Béarla nó Gaeilge) a choinneáil — sin uile, agus ní fhágann sé do ghléas riamh.

Cad chuige a n-úsáidtear d'eolas

Le freagra a thabhairt ar d'fhiosrú, do d'áirithint a láimhseáil, nó — má chláraigh tú — le scéala a chur chugat ó am go chéile faoi imeachtaí. Ní dhíoltar agus ní roinntear do chuid sonraí riamh ar mhaithe le margaíocht. Is féidir díchlárú ón liosta am ar bith ach freagra a thabhairt ar ríomhphost ar bith nó teagmháil a dhéanamh liom.

Cá fhad a choinnítear é

Ní choinnítear fiosruithe agus sonraí áirithinte ach a fhad is atá gá leo. Coinnítear sonraí an liosta ríomhphoist go dtí go ndíchláraíonn tú. Coinnítear sonraí ordaithe (ainm, seoladh agus an rud a cheannaigh tú) a fhad is atá gá leo do thaifid ghnó agus chánach.

Do chearta

Faoi dhlí cosanta sonraí na Ríochta Aontaithe, is féidir leat iarraidh am ar bith an t-eolas atá againn ort a fheiceáil, a cheartú nó a scriosadh. Lena dhéanamh sin, nó le ceist ar bith a chur faoin pholasaí seo, seol teachtaireacht chugam tríd an fhoirm teagmhála. Tá sé de cheart agat fosta gearán a dhéanamh leis an Information Commissioner's Office (ICO).

Stay in the Loop Coinnigh ar an Eolas

Sign up to hear about upcoming events, workshops and Irish language projects. No spam — just good craic.

Cláraigh le cloisteáil faoi imeachtaí, ceardlanna agus tionscadail Gaeilge atá ag teacht. Gan turscar — craic amháin.