Attendees painting together at a Péint agus Ól event

Péint agus Ól | Award-Winning Irish Language Events Belfast Péint agus Ól | Imeachtaí Gaeilge a Bhain Gradam Amach, Béal Feirste

Book tickets for Péint agus Ól — the award-winning Irish language community event combining painting, Gaeilge and craic in Belfast. All levels welcome.

Ceannaigh ticéid do Phéint agus Ól — an imeacht pobail Gaeilge a bhain gradam amach ag nascadh péintéireachta, Gaeilge agus craic i mBéal Feirste.

🏆

Best of the West 2026 · Winner Best of the West 2026 · Buaiteoir

Best Gaeilge Class or Project Rang nó Tionscadal Gaeilge is Fearr

Péint · Gaeilge · Craic

An award-winning Irish language community event combining art, culture and craic. All levels of Irish welcome. Imeacht pobail Gaeilge a bhain gradam amach ag nascadh ealaíne, cultúir agus craic. Fáiltítear roimh gach leibhéal Gaeilge.

Upcoming Events Imeachtaí atá le teacht

Book your place and join us for a creative night out. All skill levels welcome — no Irish required to enjoy yourself. Cuir d'ainm síos agus bí linn oíche chruthaitheach. Fáiltítear roimh gach leibhéal — ní gá Gaeilge a bheith agat le sult a bhaint as.

🏆 Winner – Best Gaeilge Class or Project 2026 Buaiteoir – Rang nó Tionscadal Gaeilge is Fearr 2026

What is Péint agus Ól? Cad é Péint agus Ól?

Not a class Ní rang é
Not an exam Ní scrúdú é
Not a lecture Ní léacht é
A relaxed social event combining art, Gaeilge and community in one evening. Imeacht sóisialta suaimhneach ina dtagann ealaín, Gaeilge agus pobal le chéile in aon oíche amháin.
All levels of Irish welcome — from total beginners picking up their first cúpla focal to fluent speakers. Fáilte roimh gach leibhéal Gaeilge — ó glanthosaitheoirí ag foghlaim a gcéad chúpla focal go cainteoirí líofa.
All materials provided — canvas, paints, brushes. Just show up. Gach ábhar ar fáil — canbhás, péinteanna, scuaba. Tar leat ann agus sin é.
You leave with a finished painting, new phrases and a great night behind you. Fágann tú le pictiúr críochnaithe, frásaí nua agus oíche iontach lán le craic agat.

What People Say Cad É Atá Ráite Ag Daoine

Don't just take our word for it. Ná glac lenár bhfocal amháin.

Learn a Cúpla Focal Foghlaim Cúpla Focal

A few handy Irish phrases to help you at the event. Don't worry — everyone's beginning is weak. Cúpla frása Gaeilge chun chuidiú leat ag an imeacht. Ná bíodh imní ort — bíonn gach tosach lag.

Dia duit
Hello
Go raibh maith agat
Thank you
Is maith liom é
I like it
Cad é an t-ainm atá ort?
What's your name?
Sláinte!
Cheers!

Want to take your Irish further? There are brilliant classes and resources out there.

Ar mhaith leat do chuid Gaeilge a fhorbairt? Tá ranganna agus acmhainní iontacha ar fáil.

Explore Irish Language Resources Acmhainní Gaeilge a Aimsiú

Frequently Asked Questions Ceisteanna Coitianta

Everything you might be wondering before your first night. Gach rud a bheadh ag déanamh imní duit roimh do chéad oíche.

What is Péint, Cúpla Focal agus Ól? Cad é Péint, Cúpla Focal agus Ól?

An easy-going social night where painting, a cúpla focal of Irish, and good craic come together. No pressure — just paint, sip and enjoy the craic.

Oíche shóisialta réchúiseach ina dtagann péintéireacht, cúpla focal Gaeilge agus dea-chraic le chéile. Gan brú ar bith — níl le déanamh ach péinteáil, bolgam a ól agus sult a bhaint as an chraic.

Do I need to speak Irish? An gcaithfidh Gaeilge a bheith agam?

Not at all. You don't need to be fluent, or even have any Irish at all. We use simple phrases, plenty of English, and keep everything relaxed and welcoming.

Ní chaithfidh ar chor ar bith. Ní gá duit a bheith líofa, ná fiú focal Gaeilge a bheith agat. Úsáidimid frásaí simplí, neart Béarla, agus coinnímid gach rud réchúiseach agus fáilteach.

Do I need any painting experience? An gá taithí phéintéireachta a bheith agam?

None at all. Every painting is guided step by step, and all materials are provided. Total beginners leave with something they're proud of.

Ní gá ar chor ar bith. Treoraítear gach pictiúr céim ar chéim, agus cuirtear gach ábhar ar fáil. Imíonn glantosaitheoirí abhaile le rud éigin a bhfuil siad bródúil as.

What happens on the night? Cad é a tharlaíonn ar an oíche?

You'll be guided step-by-step through a painting, with time to chat, sip, and enjoy the atmosphere. All materials are provided — just turn up, grab a drink, and paint along.

Treorófar céim ar chéim tríd an phictiúr thú, le neart ama le comhrá a dhéanamh, bolgam a ól agus sult a bhaint as an atmaisféar. Cuirtear gach ábhar ar fáil — níl le déanamh ach teacht, deoch a fháil agus péinteáil linn.

Can I come on my own? An dtig liom teacht liom féin?

Absolutely — plenty of people do. It's a friendly, sociable night and you'll be chatting away with your table in no time. As one guest put it: “I came on my own and was welcomed immediately.”

Cinnte — tagann go leor daoine leo féin. Oíche chairdiúil shóisialta atá inti agus beidh tú ag comhrá le do thábla sula i bhfad.

Is it always acrylic painting? An péint aicrileach a bhíonn ann i gcónaí?

Not always. Most nights use acrylic, but some events feature different themes and materials. Each event page tells you exactly what to expect.

Ní hea i gcónaí. Péint aicrileach a bhíonn ann ar an chuid is mó de na hoícheanta, ach bíonn téamaí agus ábhair dhifriúla ag imeachtaí áirithe. Insíonn leathanach gach imeachta duit go díreach cad é atá le teacht.

Are drinks included? An bhfuil deochanna san áireamh?

This can vary depending on the venue — please always check the event details.

Braitheann sé seo ar an ionad — seiceáil sonraí an imeachta i gcónaí.

What should I wear? Cad é ba chóir dom a chaitheamh?

Aprons are provided, but I'd still recommend wearing something you wouldn't mind getting a splash of paint on — just in case we get a wee bit carried away.

Cuirtear naprúin ar fáil, ach mholfainn éadaí a chaitheamh nach miste leat steall bheag phéinte a fháil orthu — ar eagla go n-imímid giota beag thar fóir.

Is it over 18s? An do dhaoine os cionn 18 amháin é?

Yes, all Péint, Cúpla Focal agus Ól events are strictly 18+. For under-18 events please see our Corporate, Hen, Stag & Private Bookings page.

Is ea — tá gach imeacht Péint, Cúpla Focal agus Ól do dhaoine os cionn 18 amháin. Le haghaidh imeachtaí faoi bhun 18, féach ar an leathanach Cuir in Áirithe.

Can I get a refund? An dtig liom aisíocaíocht a fháil?

Tickets are non-refundable, but they are transferable. If you can't make it, feel free to pass your ticket on to a friend — share the grá.

Ní thugtar aisíocaíochtaí ar thicéid, ach is féidir iad a thabhairt do dhuine eile. Mura dtig leat teacht, tabhair do thicéad do chara — roinn an grá.

Do I get a physical ticket? An bhfaighidh mé ticéad fisiciúil?

No physical tickets are issued — your email confirmation is your ticket. Just show it on the night, printed or on your phone, either is grand.

Ní eisítear ticéid fhisiciúla — is é do ríomhphost deimhnithe do thicéad. Taispeáin é ar an oíche, clóite nó ar do ghuthán — tá ceachtar acu breá.

Can I book a private event? An dtig liom imeacht príobháideach a chur in áirithe?

Absolutely. Péint, Cúpla Focal agus Ól can be booked for private parties, birthdays, team nights, and special occasions. Get in touch and we'll sort something that suits you.

Cinnte. Is féidir Péint, Cúpla Focal agus Ól a chur in áirithe do chóisirí príobháideacha, breithlaethanta, oícheanta foirne agus ócáidí speisialta. Déan teagmháil agus socróimid rud a fhóireann duit.

How do I hear about new events first? Cén dóigh a gcluinfidh mé faoi imeachtaí nua ar dtús?

Join the mailing list — new dates land there first, and tickets often sell out. No spam, just good craic.

Cláraigh don liosta ríomhphoist — is ansin a fhógraítear dátaí nua ar dtús, agus is minic a dhíoltar gach ticéad. Gan turscar — craic amháin.

Explore More Tuilleadh a Aimsiú

Péint agus Ól is just one part of what Tuathan does. Discover the rest. Ní ach cuid amháin d'obair Thuathan é Péint agus Ól. Faigh amach an chuid eile.

Stay in the Loop Coinnigh ar an Eolas

Sign up to hear about upcoming events, workshops and Irish language projects. No spam — just good craic.

Cláraigh le cloisteáil faoi imeachtaí, ceardlanna agus tionscadail Gaeilge atá ag teacht. Gan turscar — craic amháin.