About Me | Tuathan – Artist, teacher & Gaeilgeoir Fúm | Tuathan – Ealaíontóir, Oideachasóir agus Gaeilgeoir
Meet Tuathan, a Belfast-based Irish artist, qualified art teacher, Gaeilgeoir and event host creating art, workshops and experiences that bring people together.
Buail le Tuathan, ealaíontóir as Béal Feirste, múinteoir ealaíne cáilithe, Gaeilgeoir agus óstach imeachtaí.
About Me Fúm
Artist · Teacher · Gaeilgeoir
Creating art, workshops and experiences that bring people together through creativity, language and community. Ag cruthú ealaíne, ceardlanna agus imeachtaí a thugann daoine le chéile trí chruthaitheacht, teanga agus pobal.
Hello, I'm Tuathan. Dia daoibh, is mise Tuathan.
I'm an artist, teacher and Gaeilgeoir based in Belfast. Through Tuathan.com, I create artwork, workshops and events that bring people together through creativity, language and community.
Art has always been at the centre of what I do. As a qualified Art Teacher with over a decade of experience working across schools, Irish-medium education and community settings, I've seen first-hand how creativity can build confidence, start conversations and connect people from all walks of life.
Alongside teaching, I've continued to develop my own artistic practice, creating prints, greeting cards, bookmarks, stickers, t-shirts and original artwork inspired by Irish culture, language, humour and everyday life.
In recent years, Tuathan.com has grown beyond artwork and products. I now run creative workshops and events that combine painting, conversation and community.
Whether you're here to book a workshop, browse the shop, learn a few words of Irish or simply enjoy the artwork, you're very welcome.
Thank you for stopping by.
Go raibh míle maith agat,
Tuathan.
Is ealaíontóir, múinteoir agus Gaeilgeoir atá lonnaithe i mBéal Feirste mé. Trí Thuathan.com, cruthaím saothar ealaíne, ceardlanna agus imeachtaí a thugann daoine le chéile trí chruthaitheacht, teanga agus pobal.
Bhí an ealaín i gcroílár mo shaoil i gcónaí. Mar mhúinteoir ealaíne cáilithe le breis agus deich mbliana anuas le taithí i scoileanna, san earnáil Ghaeloideachais agus i suíomhanna pobail, tá sé feicthe agam go díreach an dóigh a chothaíonn an chruthaitheacht muinín, a chuireann tús le comhráite agus a nascann daoine ó gach cineál cúlra.
Taobh amuigh den teagasc, lean mé orm ag forbairt mo chleachtais ealaíne féin, ag cruthú priontaí, cártaí beannachta, leabharmharcanna, greamáin, t-léinte agus saothair bhunaidh atá spreagtha ag cultúr, teanga, greann agus saol laethúil na hÉireann.
Le blianta beaga anuas, tá Tuathan.com i ndiaidh fás níos mó ná saothar ealaíne agus táirgí amháin. Reáchtálaim ceardlanna agus imeachtaí cruthaitheacha a chuireann péintéireacht, comhrá agus pobal le chéile.
Má tá tú anseo chun ceardlann a chur in áirithe, cuairt a thabhairt ar shiopa, cúpla focal Gaeilge a fhoghlaim nó sult a bhaint as an ealaín, tá fáilte romhat.
Go raibh míle maith agat,
Tuathan