About Us
Tuathan is an independent Irish artist and design studio based in Belfast, creating handmade products, original artwork and running creative social events inspired by Irish language and culture.
I’m Tuathan! An artist, educator and Gaeilgeoir. My artwork is deeply rooted in the visual arts and Irish culture. I bring the two together to create a relaxed space where creativity and Gaeilge can meet. My goal is to move away from the pressure of “getting it right” and instead focus on the joy of making. Whether you’re a fluent speaker or just starting out, my work is about building confidence, playing with art, and promoting our language.
Between painting events, creative workshops and Irish language gifts, Tuathan is about giving people the confidence to be creative, about creating with meaning and creating with passion.
Is stiúideo ealaíne agus deartha neamhspleách é Tuathan, lonnaithe i mBéal Feirste, a chruthaíonn táirgí lámhdhéanta, saothar ealaíne agus a mbíonn ag reáchtáil imeachtaí sóisialta cruthaitheacha spreagtha ag an Gaeilge agus cultúr na nGael.
Is mise Tuathan! Is ealaíontóir, múinteoir agus Gaeilgeoir mé. Tá mo chuid oibre daingnithe sna hamharc-ealaíona agus i gcultúr na nGael. Tugaim an dá rud le chéile chun spás suaimhneach a chruthú ina mbuaileann cruthaitheacht agus Gaeilge le chéile. Is é mo sprioc ná chun éalú ón bhrú a bhaineann le “foirfeachta” agus chun díriú ar an sonas a bhaineann leis an chruthú. Tá mo chuid oibre faoi mhuinín a thógáil, súgradh leis an ealaín, agus ár dteanga a chur chun cinn, cibé líofacht sa Ghaeilge atá agat.
Idir imeachtaí péinteála, cheardlanna cruthaitheacha agus bronntanais Ghaelaigh, tá Tuathan faoi mhuinín a thabhairt do dhaoine a bheith cruthaitheach, faoi chruthú le brí agus ag chruthú le croí.
Péint, Cúpla Focal agus Ól
Péint, Cúpla Focal & Ól is a laid-back, social paint and sip evening with a splash of Gaeilge thrown in. No pressure, no experience needed, just good craic, good company, and a few new Irish words along the way. These creative nights take place in relaxed bar and venue settings across Ireland, including Belfast and Derry.
If you haven’t picked up a paintbrush since school, or “Sláinte!” is the height of your Irish, you’re in the right place. This isn’t about talent or fluency, it’s all about the craic and trying something new.
You’ll be guided step-by-step to create your very own painting in a friendly, informal setting, with music, laughter, and the odd cúpla focal (a few Irish words) woven in naturally as you paint.
It’s not an Irish class, and it’s definitely not a serious art workshop. It’s a fun night out, perfect for beginners, friends, date nights or anyone curious about Irish language events and creative experiences.
You’ll leave with a canvas, a smile, and a new phrase or two as Gaeilge. Grab your chairde, bring your creativity, and let’s get painting.
Is oíche shóisialta shuaimhneach péint agus óil í Péint, Cúpla Focal agus Ól, le blaiseadh den Ghaeilge fite fuaite fríd. Níl aon bhrú ná taithí de díth, níl i gceist ach dea-chraic, dea-chuideachta, agus cúpla focal nua Gaeilge a fhoglaim. Reáchtáiltear na himeachtaí seo in ionaid shuaimhneacha ar fud na tíre, Béal Feirste agus Doire san áireamh.
Mura raibh scuab péinte i do lámh agat ó bhí tú ar scoil, nó más é “Sláinte!” buaic do chuid Gaeilge, tá tú san áit cheart. Ní bhaineann sé seo le tallann ná le líofacht, ach ar mhaitheas leis an chraic agus le rud éigin nua a bhaint thriail as.
Beidh tú treoraithe céim ar chéim chun do shaothar féin a chruthú i dtimpeallacht chairdiúil, neamhfhoirmiúil, le ceol, gáire, agus cúpla focal caite isteach go nádúrtha agus tú ag péinteáil leat.
Ní rang Gaeilge nó ceardlann ealaíne thromchúiseach atá i gceist. Is oíche spraíúil amach í, oiriúnach do thosaitheoirí, do chairde, do dhátaí, nó d’aon duine a bhfuil spéis acu in imeachtaí Gaeilge agus eispéiris chruthaitheacha.
Fágfaidh tú le saothar ealaíne, aoibh gháire ar d’aghaidh, agus frása nó dhó nua as Gaeilge. Beir leat do chairde, tabhair leat do chruthaitheacht, agus ar aghaidh linn leis an phéinteáil.
View
View
View
View
Shop
The Tuathan shop offers handmade Irish gifts, illustrated prints and creative products inspired by Irish language, humour and everyday culture. You’ll find greeting cards, stickers and artwork.
All items are designed and made with care and attention to detail. Ideal for Irish-language gifts for birthdays, holidays or special occasions, or a wee treat for yourself.
Sa siopa Tuathan gheobhaidh tú bronntanais Ghaeilge lámhdhéanta, priontaí léiritheacha agus táirgí cruthaitheacha spreagtha ag greann agus cultúr Gaelach an lae inniu. Gheobhaidh tú cártaí beannachta, greamáin agus saothar ealaíne.
Cruthaítear gach rud le cúram agus le haird ar mhionsonraí. Is rogha iontach iad mar bhronntanais do bhreithlaethanta, laethanta saoire nó ócáidí speisialta, nó chun chineál a dhéanamh ort féin.
Dúchfómhair & Artwork
Dúchfómhair is my personal art practice, focusing on illustration, painting and visual storytelling rooted in Irish identity and language.
The work explores themes of place, memory and everyday life, often using Irish words, symbols and subtle humour. Each piece reflects lived experience and a strong sense of cultural connection.
Original artworks and selected art prints are available, with new work added regularly.
Is é Dúchfómhair mo chleachtas ealaíne pearsanta, dírithe ar léaráidíocht, péintéireacht agus scéalaíocht amhairc bunaithe ar fhéiniúlacht agus ar an Ghaeilge.
Pléitear téamaí cosúil le háit, cuimhne agus an saol laethúil, agus úsáidtear focail Gaeilge, siombailí agus greann caolchúiseach go minic. Léiríonn gach píosa taithí saoil agus ceangal láidir cultúrtha.
Tá saothair bhunaidh agus priontaí ealaíne roghnaithe ar fáil, agus cuirtear obair nua leis go rialta.
Work With Me
- 🎨 Workshops
- 🖌️ Murals & commissions
- 🍷 Corporate & social paint events
I offer creative workshops, paint-and-sip events, Irish-language art sessions and commissions for individuals, groups and organisations.
With a background in teaching and community arts, I design inclusive, engaging experiences for workplaces, schools, festivals, private events and venues. If you’re looking to host a creative event, commission artwork, or collaborate on a project, I’d love to hear from you.
Cuirim ceardlanna cruthaitheacha, imeachtaí Péint, Cúpla Focal agus Ól, seisiúin ealaíne Gaeilge agus coimisiúin ar fáil do dhaoine aonair, do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí.
Le taithí sa mhúinteoireacht agus sna healaíona pobail, cruthaím eispéiris chuimsitheacha, tarraingteacha a oireann d’ionaid oibre, scoileanna, féilte agus imeachtaí príobháideacha.
Má tá spéis agat imeacht cruthaitheach a reáchtáil, saothar ealaíne a choimisiúnú, nó comhoibriú ar thionscadal, ná bíodh moill ort teagmháil a dhéanamh liom.
Contact Me

